ÁR SCÉAL
Brú Radharc na Mara (Seaview Hostel)
Breis agus tríocha bliain caite ag freastal mar dhídean do chuairteoirí go hInis Oírr.
Agus tú i gcomharsanacht na céibhe, lig do scíth agus glac do shuaimhneas le linn do chuairte ar an oileán álainn seo. Tá bunáit den scoth curtha ar fáil againn dod chuairt ghearr mhilis ar Inis Oírr.
CUIR DO CHUAIRT IN ÁIRITHE
Cuir Do Chuairt In Áirithe
Tógadh an Brú ar an mBaile Thiar ar Inis Oírr sa bhliain 1990. Ó shin i leith, tá lóistín curtha ar fáil ann do thaistealaithe aonair, do thurasóirí mála droma a bhí ar thóir eachtraíochta, do theaghlaigh ar thóir spraoi, agus do mhic léinn ar thóir ríméid.
Beidh Radharc na Mara oscailte do Sheasúr 2024 do theaghlaigh agus do ghrúpaí beaga a mbeidh áit curtha in áirithe roimh ré, faoi mar a rinne muid le cúpla séasúr anuas. Faoi láthair, ní bheidh muid ag cur suanliosanna aonair ná cóiríochtaí gan réamhchoinne ar fáil arís an bhliain seo.