RUDAÍ LE DÉANAMH
Brú Radharc na Mara (Seaview Hostel)
Tá rud éicínt le déanamh i gcónaí ar Inis Oírr chun sásamh a thabhairt duit. Is cuma an socraíonn tú dul ag spraoi le do chairde, ceangal a dhéanamh le do theaghlach, nó áit a fháil chun do shuaimhneas a ghlacadh ar do sháimhín só, beidh ár bhfóntais agus á ngníomhaíochtaí ar fheabhas duit. Caith súil ar an éagsúlacht de réimsí atá le fáil agat ar ár n-oileán muirneach.
CUIR DO CHUAIRT IN ÁIRITHE
CUIR DO CHUAIRT IN ÁIRITHE
Rothaíocht
Má tá spéis agat san aclaíocht agus sa bhfámaireacht, tá rothair le fáil ar cíos ar an oileán. Beidh tú in ann an dá thrá a fhreastal.
Snámh
Tum tú féin sna huiscí gléghlana atá ar na bruacha gainimh ar thrá a bhfuil gradam Brat Gorm aici. Téigh ag snámh ar do shuaimhneas mar go mbíonn gardaí tarrthála ar dualgas gach deireadh seachtaine le linn mhíonna an tsamhraidh.
Siúl
Feicfidh tú an nádúr agus an stair fite fuaite ina chéile go gleoite. Bain lán do shúl as an radharc tíre a bhainfidh an anáil díot - séadchomharthaí stairiúla socraithe go compordach i measc na mbláthanna fiáine - agus tú ag spaisteoireacht leat síos bóithre gleoite an oileáin.
Turais ar an Oileán
Súigh isteach an ghaoth úr ón bhfarraige agus tú ar bord an Wanderly Wagon, nó déan turas álainn mórthimpeall an oileáin ar phónaí agus trap.
Áit Súgartha
Tá ceann de na háiteanna súgartha is fearr in Éirinn againn anseo in Inis Oírr dár gcuairteoirí óga.
Iascaireacht
Tá áiteanna éagsúla timpeall ar an oileán atá oiriúnach d’iascaireacht ón gcarraig.
Bia & Deoch
Tá riar maith d’ionaid díola lonnaithe mórthimpeall an oileáin inar féidir sásamh a bhaint as béile beag, béile mór nó deoch bhreá fhuar.
Ealaín & Cultúr
Tá sé d'ádh orainn go bhfuil Áras Éanna againn, an tIonad Ealaíon is faide siar agus é suite ar Inis Oírr.