CEISTEANNA COITIANTA

Brú Radharc na Mara (Seaview Hostel)

Tá na ceisteanna coitianta ar fad liostaithe thíos. Má tá ceist agat nach bhfuil le fáil ar an liosta, nó má tá tuilleadh eolais uait, tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn ar an bhfón nó ar ríomhphost.

CUIR DO CHUAIRT IN ÁIRITHE

Search

Seiceáil isteach:

Seiceáil amach:

[string_chosen_admin_search_type]

Number of accommodation:

Adults:

Leanaí

 

 

Searching...

×
Accommodation 1

Accommodation 2

Accommodation 3

Accommodation 4

Accommodation 5

Cuir Do Chuairt In Áirithe

Search

Seiceáil isteach:

Seiceáil amach:

[string_chosen_admin_search_type]

Number of accommodation:

Adults:

Leanaí

 

 

Searching...

×
Accommodation 1

Accommodation 2

Accommodation 3

Accommodation 4

Accommodation 5

Caithfear éarlais 50% den chostas iomlán a íoc chun áirithint a dhéanamh. Ní bheidh aon aisíoc le fáil ar an éarlais 4 seachtainí roimh an dáta a bheidh curtha in áirithe le theacht. Íocfar an chuid eile den chostas nuair a sheiceálfar isteach.

I gcás grúpaí ina mbeidh seisear (6) aíonna nó níos mó, caithfidh gach duine acu €25 a íoc freisin mar bhanna urrúis. Cinnteoidh an banna urrúis go mbeidh clúdach ar aon teagmhas míchaothúil a d’fhéadfadh tarlú don áit le linn na cuairte; mura dtarlóidh aon rud, aisíocfar an t-airgead. Ar an bhfón amháin a ghlacfar le háirithintí grúpaí.

Is féidir le cúrsaí aimsire cur isteach ar sheirbhísí na mbád farantóireachta. I gcás go gcuirtear ar ceal GACH seoladh farantóireachta go dtí an t-oileán mar gheall ar dhrochaimsir, aisíocfar an éarlais.

Ní ghlacfaidh muid le háirithintí a bheidh déanta ag daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois. Caithfidh aíonna aonair a bheith 18 mbliana d’aois nó níos mó chun fanacht sa mbrú. Ach é sin ráite, déanann muid freastal ar theaghlaigh a bhfuil leanaí d’aon aois acu a fhad agus go mbíonn an duine fásta dleathach i láthair.

Seiceáil isteach idir 2pm agus 8pm
(is iondúil go dtagann an bád farantóireachta deiridh isteach thart ar 7:30pm
Seiceáil amach ag 10:30am

Beidh gá le haitheantas fótagrafach dleathach nuair a bheifear ag seiceáil isteach. Ceadúnas Tiomána nó Pas is fearr a úsáid.

Faoi láthair, ní féidir linn glacadh ach le háirithintí atá réamhdhéanta.

Is féidir bagáiste a stóráil an lá a dtiocfar/a n-imeofar; ní féidir na saoráidí a úsáid ach amháin tar éis seiceáil isteach agus sula seiceálfar amach.

Ní chuirtear aon bhricfeasta ar fáil sa mbrú ach bíonn an chistin ar fáil mar áis duit ó 7:30 AM go dtí 10:30 PM.

Tá siopa áitiúil XL i bhfoisceacht 5 nóiméad siúil don áit. Lena chois sin, tá rogha de chaiféanna, bialanna beir leat, agus pubanna áitiúla ann ina riartar bia deas.

Bíonn an chistin ar fáil le n-úsáid ó 7:30 AM go dtí 10:30 PM amháin. Bíonn an áit dúnta lena ghlanadh tar éis am lóin, ó 2:30 PM go dtí 4:45 PM.

Tá éadaí leapa san áireamh. Is féidir tuáillí a fháil ar chíos €3 an ceann.

Níl aon chuirfiú i bhfeidhm. Ach é sin ráite, iarrann muid go léireodh daoine meas ar a chéile. Coinnigh an torann chomh híseal agus is féidir sna seomraí agus in áiteanna a bhíonn á roinnt ag daoine, go háirithe tar éis 11:00 PM.

Tá cos ar gach saghas alcóil.

Faoi láthair, tá polasaí againn go bhfanfar 2 oíche ar a laghad agus 7 n-oíche ar a mhéid.

Cé go bhfuil an-chion againn ar ár bpeataí ainmhíocha, ní cheadaítear madraí ná ainmhithe eile sa mbrú.

Scroll to Top
Our Booking System for Summer '24 is now open...Ag súil le sibh a fheiceáil go luath! Please get in touch with us by e-mail or telephone should you have any queries about the online booking system.
Now taking bookings Summer '22! Check out our online booking system or call us on 00 353 99 75024