TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA
Polasaithe Maidir le Seiceáil Isteach/Amach
Tá na hamanna seiceála isteach agus seiceála amach, agus na polasaithe seo a leanas ag an ionad seo.
Seiceáil Isteach: 14:00-20:00
Seiceáil Amach: 10:30

Polasaithe Ionaid agus Cealaithe
Is gá éarlais 50% den chostas iomlán a íoc chun áirithint a dhéanamh.
Ní bheidh aon aisíoc le fáil ar an éarlais taobh istigh de 4 seachtainí den dáta a bhfuiltear le theacht. Íocfar an chuid eile den chostas nuair a sheiceálfar isteach.
Gearrfar 100% den chostas iomlán má chuirtear an turas ar ceal taobh istigh de 7 lá den dáta a bhfuiltear le theacht.
I gcás grúpaí a mbeidh seisear (6) aíonna nó níos mó iontu, caithfidh gach duine acu €25 a íoc freisin mar bhanna urrúis. Cinnteoidh an banna urrúis go mbeidh clúdach ar aon teagmhas míchaoithiúil a d’fhéadfadh tarlú don áit le linn na cuairte; mura dtarlóidh aon rud, aisíocfar an t-airgead.
Ar an bhfón amháin a ghlacfar le háirithintí grúpaí.
Gearrfar 100% den chostas iomlán má chuirtear turas grúpa ar ceal taobh istigh de 6 seachtainí den dáta a bhfuiltear le theacht.

Is féidir le cúrsaí aimsire cur isteach ar sheirbhísí na mbád farantóireachta. I gcás go gcuirtear ar ceal GACH seoladh farantóireachta go dtí an t-oileán mar gheall ar dhrochaimsir, aisíocfar an éarlais.

Caithfidh duine fásta a bheith in éineacht le haíonna atá faoi bhun 18 mbliana d’aois.

Ní ghlacann muid le cóisir poc, cóisir cearc ná a macasamhail. Déanann muid freastal ar lánúin, teaghlaigh agus grúpaí beaga.

Níl cead tobac a chaitheamh ná aon substaintí mídhleathacha a thógáil ar láthair an ionaid.

Tá cosc ar alcól (agus ar ólachán deireanach san oíche) ar láthair an ionaid. Caithfear torann a choinneáil chomh híseal agus is féidir san oíche – rud a chiallaíonn nach gceadaítear ceol ard ná cóisir.

Do na haíonna cláraithe amháin atá na seomraí, áiteanna comhroinnte agus áiteanna taobh amuigh curtha ar fáil.

Terms & Conditions

Scroll to Top
Our Booking System for Summer '24 is now open...Ag súil le sibh a fheiceáil go luath! Please get in touch with us by e-mail or telephone should you have any queries on the online system.
Now taking bookings Summer '22! Check out our online booking system or call us on 00 353 99 75024